Acts 28:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla, a gcionn thrí lá na dhiáigh sin, gur ghoir Pól úaisle na Niúdaigheadh a gceann a chéile: agus ar gcruinniughadh dhóibh, a dubhairt sé ríu. A fheara agus a bhraithreacha, bíodh nách dearna misi éinní a naghaidh an phobail, ná ghnáthnaighe na sinnsear, gidheadh tugadh mé ceangailte ó Ierusalém a lámhaibh na Rómhanach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thárla, i gcionn trí lá ’n‐a dhiaidh sin, gur ghlaodh sé chuige daoine móra na nIúdach: agus nuair do bhí siad cruinn le chéile, adubhairt sé leo, Im’ thaobh‐sa, a bhráithre, gidh nach ndearnas rud ar bith i gcoinnibh na ndaoine ná i gcoinnibh nós ár sinnsear, tugadh mé mar bhraighdeán ó Iarúsalem i lámhaibh na Rómhánach,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé lucht ceannais Ghiúdaigh na háite le chéile; agus nuair a bhí siad cruinn, dúirt sé leo, “A bhráithre, siúd is nach raibh aon ní déanta agam in éadan ár gcine ná nósanna ár sinsear, tugadh mé i mo phríosúnach ó Iarúsailéim i lámha na Rómhánach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé chuige cinn urra na nGiúdach agus nuair a bhí siad cruinnithe labhair sé leo: «A bhráithre,» ar seisean, «cé nach ndearna mé aon ní in aghaidh ár gcine ná in aghaidh béasa ár sinsear, cuireadh i ngéibheann mé in Iarúsailéim agus tugadh suas do na Rómhánaigh mé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé chuige cinn urra na nGiúdach agus nuair a bhí siad cruinnithe labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “cé nach ndearna mé aon ní in aghaidh ár gcine ná in aghaidh bhéasa ár sinsear, cuireadh i ngéibheann mé in Iarúsailéim agus tugadh suas do na Rómhánaigh mé.