Acts 28:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus níor bheag an dáonnachd do rínneadar na dáoine barbartha oruinn: oír ar bhfadógh teineadh dhoibh, do ghabhadar sinn uíle chuca, ar son an cheatha do bhi ag teachd, agus air son an fhúachda.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí an lucht áitreabhtha an‐chineálta linn: óir d’fhaduigheadar teine, agus do ghlacadar chuca sinn uile, mar gheall ar an mbáistigh do bhí ann, agus mar gheall ar an bhfuacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí muintir an oileáin ríchineálta linn, mar dʼfhadaigh siad tine agus dʼfhear siad fáilte romhainn uile go léir, mar bhí sé ag tosú ar chur báistí, agus bhí bearradh fuar air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí na hoileánaigh thar a bheith cineálta linn; d' fháiltigh siad romhainn uile agus las siad tine chnámh dúinn mar bhí sé ag bagairt báistí agus é fuar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí na hoileánaigh thar a bheith cineálta linn; dʼfháiltigh siad romhainn uile agus las siad tine chnámh dúinn mar bhí sé ag bagairt báistí agus é fuar.