Acts 28:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhradarsan ris, Níor ghlacamairne fíu na leitre ó thír Iúdaighe ad thimcheall, agus ní tháinic fós neach ar bith do na dearbhraithribh dfoillsiughadh ná dinnisin uile ar bith ort.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhradar‐san leis, Ní fhuaraimir‐ne litreacha ó Iúdaea id’ thaobh, ná ní tháinig duine de na bráithribh annso le tuairisc nó scéalaibh id’ choinnibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ar siadsan leis, “Ní bhfuaireamar aon litir ó Iúdaea i do thaobh, agus níor thug aon bhráthair dár tháinig anoir anseo aon tuairisc ná níor labhair siad aon drochfhocal fút.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt siadsan leis: «Ní bhfuaireamarna litir ar bith i do thaobh ó Iúdáia, ná níor thug aon neach dár mbráithre a tháinig an treo drochscéal ná drochthuairisc chugainn mar gheall ort.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt siad-san leis: “Ní bhfuaireamarna litir ar bith i do thaobh ó Iúdáia, ná níor thug aon neach dár mbráithre a tháinig an treo droch-scéal ná drochthuairisc chugainn mar gheall ort.