Acts 28:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndéunamh láe ris dóibh, tangadar mórán chuige dhá lóisdín; noch dhar fhoillsigh sé rioghachd Dé, maille ré fíadhnuise do dheunamh, dhá dtarraing ré na theagusg chum na neitheadh do bhean ré Híosa, as reachd Mháoisí, agus ann sna faidhibh, ó mhaidin go hoidhche.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do shocruigheadar leis ar lá, tháinig a lán aca ’n‐a lóistín chuige; agus do mhínigh sé ríoghacht Dé dhóibh, ag tabhairt fiadhnaise air, ag iarraidh a mbaineann le h‐Íosa do chruthú dhóibh as reacht Maoise agus as na fáidhibh, ó mhaidin go tráthnóna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼainmnigh siad lá dó ansin, agus tháinig cuid mhór acu chuige ina lóistín. Agus mhínigh sé an gnó dóibh ó mhaidin go tráthnóna, ag tabhairt fianaise faoi ríocht Dé, agus ag iarraidh an fhírinne faoi Íosa a chur ina luí orthu as dlí Mhaois agus as leabhair na bhfáithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt fios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt a fhios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar Ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe.