Acts 28:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfaicsin na péisde croichde as a laimh do na dáoinibh barbartha, a dubhradar ría chéile, Go deimhin is fear dúnmharbhtha é, dá nach bhfuilngeann dioghaltus Dé a bheith beó, giodh tháinic sé slám ón bhfairge.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair chonnaic an lucht áitreabhtha an phiast ar liobarnaigh ar a láimh, adubhradar le chéile, Gan amhras, is dúnmharbhthóir an duine seo, agus, bíodh go dtáinig sé slán ó’n bhfairrge, ní leigeann díoghaltas Dé dhó bheith beo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chonaic na hoileánaigh an phéist ar crochadh ar a láimhsean, dúirt siad lena chéile, “Dúnmharfóir atá sa duine seo gan amhras ar bith, nár lig bandia an chirt dó maireachtáil, siúd is gur tháinig sé as an bhfarraige lena bheo.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: «Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chonaic na hoileánaigh an phéist ag sileadh óna lámh dúirt siad lena chéile: “Is dún-mharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag ligean a anama leis.”