Acts 28:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh do bhí súil acasan ré hát dó, nó ré na thuitim síos marbh go hobann: achd ar mbéith dhóibh a bhfád ag fuireadh, agus nach bhfacadar dochar ar bith ag teagmháil dó, ar nathrughadh inntinne, a dubhradar gur día é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do mheasadar go n‐atfadh sé, nó go dtuitfeadh sé marbh ar an láthair: acht tar a éis dhóibh bheith i bhfad ag feitheamh, agus nach bhfacadar dochar ar bith ag teacht dó, tháinig athrú intinne ortha, agus adubhradar gur dhia é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí siadsan ag fanacht, agus súil acu go mbeadh sé ag at, nó go dtitfeadh sé maol marbh; ach nuair a dʼfhan siad ar feadh i bhfad gan aon chaill a fheiceáil air, dʼathraigh siad a n‑intinn, agus dúirt siad go mba dhia é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí coinne acu siúd go n-atfadh sé nó go dtitfeadh sé marbh láithreach, ach tar éis dóibh bheith ag feitheamh agus ag faire ar feadh i bhfad agus gan aon ní as an tslí ag imeacht air, tháinig siad ar mhalairt aigne faoi agus dúirt gur dia a bhí ann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí coinne acu siúd go n-atfadh sé nó go dtitfeadh sé marbh láithreach, ach tar éis dóibh a bheith ag feitheamh agus ag faire ar feadh i bhfad agus gan aon ní as an tslí ag imeacht air, tháinig siad ar mhalairt aigne faoi agus dúirt gur dhia a bhí ann.