Acts 28:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dtimcheall na háitesin do bhí fearann ag ceannphort a noíléin, dar bhainm Publius; noch do ghabh sinne chuige, agus tug áoigheachd dhúinn ar feadh thrí lá go rocháirdeamhail.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is amhlaidh do bhí talta i n‐aice na h‐áite sin agus ba le fear cinn an oileáin iad, agus Publius ab’ ainm dó. Do ghlac seisean chuige sinn, agus ar feadh trí lá do chuir sé cóir mhaith go fial orainn.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois bhí tailte ag Publius, an fear ab airde céim ar an oileán, sa chomharsanacht sin, agus chuir seisean fáilte fhíorchaoin romhainn agus thug sé dídean dúinn go fial flaithiúil seal trí lá.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I gcomharsanacht na háite sin bhí fearann ag ceann urra an oileáin, fear darbh ainm Puiblias. D' fháiltigh seisean romhainn agus chuir cóir orainn go fial ar feadh trí lá.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
I gcomharsanacht na háite sin bhí fearann ag ceann urra an oileáin, fear darbh ainm ‘Puiblias’. Dʼfháiltigh seisean romhainn agus chuir cóir orainn go fial ar feadh trí lá.