Acts 3:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na fhaicsin sin do Pheadar, do fhreagair sé don phobal; A fheara Israél, créd fá bhfuil iongnadh aguibh ann so? nó créd fá bhfuiltí ag sírfhéachuin oruinne, amhuil as gur tré ar gcúmhachdaibh féin nó tré ar náomhthachd do thugamar air an bhfearso siúbhal?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chonnaic Peadar é, adubhairt sé leis an bpobal, A fheara Israel, cad chuige a bhfuil iongnadh oraibh i dtaobh an duine seo? cad chuige dhaoibh bheith ag amharc orainne, amhail is gur le n‐ár gcumhacht nó le n‐ár ndiadhacht féin do chuireamar ar chumas do’n duine seo siubhal?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chonaic Peadar sin labhair sé mar seo leis na daoine, “A fheara Iosrael, cad chuige ar ionadh libh sin, nó cad chuige daoibh bheith ag cur na súl tríom, ionann agus dá mbeimis i ndiaidh tabhairt ar an bhfear sin siúl lenár gcumhachtaí nó lenár gcráifeacht féin?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar fheiceáil seo do Pheadar labhair sé leis an slua: «A fheara Iosrael,» ar seisean, «cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh iontais de seo? Nó cad chuige a bhfuil sibh ag stánadh orainne amhail is dá mba dár gcumhacht féin nó dár gcráifeacht féin a thugamar siúl don fhear seo?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar fheiceáil seo do Pheadar labhair sé leis an slua: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh iontais de seo? Nó cad chuige a bhfuil sibh ag stánadh orainne amhail is dá mba dár gcumhacht féin nó dár gcráifeacht féin a thugamar siúl don fhear seo?