Acts 3:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tré chreideamh anmasán, do neartaidh a ainm an fearso, do chithí agus áitheantáoi: agus, an creidheamh atá dhá tháobhsan, tug sé dhó so an tsláinte iomlánso ann bhur lathairse uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus de bhárr creidimh ’n‐a ainm‐sean thug a ainm neart do’n duine seo, do‐chí sibh agus aithnigheas sibh: agus is é an creideamh tríd thug dó an tsláinte iomlán atá ’n‐bur bhfiadhnaise rómhaibh go léir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus is é a ainmsean, is creideamh ina ainmsean, a neartaigh an fear seo a fheiceas sibh agus a bhfuil aithne agaibh air; agus is é an creideamh a bhíos ann trí Íosa a thug an tsláinte iomlán seo gan easpa don fhear seo i láthair an iomláin agaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Is é an t-ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a d' fhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Is é an t-ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a dʼfhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile.