Acts 3:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin déunaidh aithrighe, agus fillidh, ionnus go sgriosfuidhe bhur bpeacaidh, a núair thiocfus aimsir a nfúaraidh ó fhíadnuise an Tighearna;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Déanaidh aithrighe, d’á bhrigh sin, agus iompuighidh, chum go nglanfar bhúr bpeacaidhe, agus chum go dtiocfaidh trátha fionnfhuaire ó fhiadhnaise an Tighearna;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Déanaigí aithrí mar sin, agus tiontaígí arís, ionas go scriostar bhur bpeacaí amach, agus ionas go dtaga uaireanta athnuachain ó láthair Dé,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí,