Acts 3:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do hiomchradh duine áirighe do bhí na mhairtíneach ó bhruinn a mhathar, noch do chuirdís gach láoi ag dorus an teampuill ré a ráitear Breagha, díarruidh déirce ar a ndruing do théigheadh a sdeach don teampoll;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus bhí duine áirithe, máirtíneach ó bhroinn a mháthar, d’á iomchar, duine do chuiridís gach lá ag geata an teampaill ar a dtugtar an Geata Áluinn, chum bheith ag iarraidh déirce ortha‐san do bhíodh ag dul isteach san teampall.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhíothas ag iompar fir a bhí ina chláiríneach ó bhroinn, ar ghnách a fhágáil gach lá ag an ngeata sin den teampall a ngairtear an Geata Álainn de, le bheith ag iarraidh déirce ón dream a bhíodh ag dul isteach sa teampall.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus bhí fear á iompar ann a bhí ina mhairtíneach as broinn a mháthar agus shínidís gach lá é ag geata an Teampaill, ag an nGeata Álainn mar a thugtaí air, chun déirc a iarraidh ar an muintir a bhíodh ag dul isteach sa Teampall.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus bhí fear dá iompar ann a bhí ina mhairtíneach as broinn a mháthar agus shínidís gach lá é ag geata an Teampaill, ag an nGeata Álainn mar a thugtaí air, chun déirc a iarraidh ar an muintir a bhíodh ag dul isteach sa Teampall.