Acts 3:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As chuguibhse ar tús, do chuir Día a Mhac féin Iósa, ar na dhúsachd ó mharbhuibh, dá bhur mbeannughadh, ionnus go bhfilleadh gach áon aguibh ó bhur nolcaibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Chugaibh‐se ar dtús do chuir Dia a Sheirbhíseach, nuair thóg sé suas é, chum sibh do bheannú, ag iompodh gach duine agaibh ó n‐bhúr gcuirptheacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá Dia i ndiaidh a sheirbhíseach a thógáil, agus é a chur chugaibh ar dtús, le sibh a bheannú, ag iontú gach duine agaibh óna olc féin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a thóg Dia a sheirbhíseach is chugaibhse is túisce a chuir sé é chun go mbeannódh sé sibh trí gach duine agaibh a iompú óna chuid urchóide.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a thóg Dia a sheirbhíseach is chugaibhse is túisce a chuir sé é chun go mbeannódh sé sibh trí gach duine agaibh a iompú óna chuid urchóide.”