Acts 3:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dubhairt Peadar, Ní bhfuil airgead na ór agamsa; achd an ní atá agam do bheirim dhuitse é: A nainm Iósa Críosd Nasárrdha éirigh agus siubhail.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht adubhairt Peadar, Ní fhuil airgead agam ná ór; acht an nidh atá agam do‐bheirim duit‐se é. I n‐ainm Íosa Críost Nasardha, éirigh agus siubhail.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach arsa Peadar leis, “Níl airgead ná ór agam, ach tugaim duit a bhfuil agam le tabhairt uaim; in ainm Íosa Críost as Nasair, siúl.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt Peadar leis: «Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dúirt Peadar leis: “Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost Nazórach, siúil.”