Acts 3:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do léim sé súas do sheas, agus do shiubhail sé, agus do chuáidh sé ríu a steach don teampoll, ag siubhal, agus ag léimnidh agus ag moladh Dé:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag preabadh ’n‐a sheasamh dhó, do shiubhail sé; agus do chuaidh sé i n‐éinfheacht leo isteach san teampall, agus é ag siubhal, agus ag léimrigh, agus ag moladh Dé:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí sé de léim ina sheasamh agus shiúil sé leis isteach sa teampall ina gcuideachta, ag céimiú agus ag léim agus ag moladh Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
léim sé ina sheasamh agus chrom sé ar shiúl, agus isteach leis sa Teampall in éineacht leo, ag siúl agus ag léimneach agus ag moladh Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
léim sé ina sheasamh agus chrom sé ar shiúl, agus isteach leis sa Teampall in éineacht leo, ag siúl agus ag léimneach agus ag moladh Dé.