Acts 4:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Bíodh a fhios aguibhse uile, agus ag pobal Israél uile, gur tré ainm Iósa Críosd Nasárrdha, noch do chrochabhairse, noch do dhúisigh Día ó mharbhuibh, as trídsean sheasus an fearso slán an bhur bhfiadhnuísesi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
bíodh a fhios agaibh go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasardha, an té do chrochabhair‐se, an té do thóg Dia ó na marbhaibh, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a sheasamh slán os bhúr gcómhair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
tugtar le fios daoibhse, agus do mhuintir Iosrael go hiomlán, gur trí ainm Íosa Críost as Nasair, an té ar chéas sibh é agus ar ardaigh Dia ó mhairbh é, gur trídsean atá an fear seo ina sheasamh os bhur gcoinne agus é ina shláinte.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
bíodh a fhios agaibh-se go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach–an fear a chéas sibh-se ar chros ach ar thóg Dia ó mhairbh é–gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte.