Acts 4:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan thugadar dhá paire dánachd Pheadair, agus Eóin, agus gur thuigeadar a mbeith na ndáoinibh gan fhogluim gan éolus, do ghabh iongantus íad; agus daithneadar, go rabhadar a bhfochair Iósa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair chonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad chómh dána sin, agus thuigeadar gur daoine gan foghlaim, gan léighean iad, do bhí iongnadh ortha; agus d’aithnigheadar iad, go mbídís i bhfochair Íosa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois nuair a chonaic siad an t‑uchtach a bhí ag Peadar agus ag Eoin, agus nuair a thug siad faoi deara gur daoine gan foghlaim ná léann leabhar iad, bhí iontas orthu; agus dʼaithin siad orthu gur choinnigh siad cuideachta le hÍosa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic siadsan a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gháthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. D' aithin siad ansin gur chomrádaithe d' Íosa ba ea iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chonaic siad-san a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gnáthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. Dʼaithin siad ansin gur chomrádaithe dʼÍosa ba ea iad.