Acts 4:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag rádh, Créud do dhéunam ris an muinntirse? Óir go deimhin atá comhartha foillsightheach aca ar na dheanamh agus is follus do gach áon áitigheas á Niárusalem é; agus ní féidir linne a shéuna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
g‐á radh, Créad do‐ghéanaimíd do na daoinibh seo? óir is léir do gach duine chómhnuigheas i nIarúsalem go bhfuil míorbhail iomráidhteach déanta; agus ní fhéadfaimíd a shéanadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus dúradh, “Cad é a dhéanfaimid leis na fir seo? Rinneadh comhartha a mbeidh cuimhne air tríothu, agus is léir sin dá bhfuil ina gcónaí in Iarúsailéim, agus ní féidir linn a bhréagnú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Cad a dhéanfaimid leis na daoine seo?» ar siad. «Tá míorúilt shuntasach déanta acu, rud is follas d' áitritheoirí Iarúsailéim ar fad, agus ní féidir dúinne é a shéanadh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Cad a dhéanfaimid leis na daoine seo?” ar siad. “Tá míorúilt shuntasach déanta acu, rud is follas dʼáitritheoirí Iarúsailéim ar fad, agus ní féidir dúinne é a shéanadh.