Acts 4:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd deagla leathnuighthe dhó ní as faide a measg an phóbail, toirmisgeam íad go bagrach, fá labhairt feasda sa náinmse ré duinne ar bith.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht ar eagla go leathnóchaidh sé níos fuide i measc na ndaoine, bagraimís ortha, gan leigin dóibh labhairt a thuilleadh le h‐aon duine san ainm sin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach sa chruth nach scaiptear an scéal a thuilleadh i measc na ndaoine, tugaimis rabhadh dóibh gan focal a labhairt níos faide le haon duine in ainm an duine sin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach i dtreo nach leathfadh an scéal seo níos mó i measc an phobail, déanaimis bagairt orthu gan labhairt go deo arís faoin duine seo le neach ar bith.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach i dtreo nach leathfaidh an scéal seo níos mó i measc an phobail, déanaimis bagairt orthu gan labhairt go deo arís faoin duine seo le neach ar bith.”