Acts 4:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndéanamh bagair dhoibhsean, do léigeadar úatha íad, mar nach bhfúaradar slighe ar bith chum pionúis do thabhairt dóibh, ar son an phobail: oír thugadar uile glóir do Dhía ar son a neithe do rinneadh ann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tar a éis dóibh‐sean bagairt ortha arís, do scaoileadar iad, mar ní raibh a fhios aca cionnas chuirfidís pionós ortha, mar gheall ar na daoinibh; óir bhí na daoine go léir ag tabhairt na glóire do Dhia ar son a dtárla.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhagair siad orthu a thuilleadh, agus lig siad saor ansin iad, ó nach raibh caoi acu le pionós a chur orthu, le heagla roimh na daoine; mar bhídis uile ag moladh Dé faoinar tharla.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)