Acts 4:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do chruinnigheadar gan chonntabhairt a bhfochair a chéile, sa chathraighse, Ioruaidh, agus Poinnsius Píoláid, maille ris na Cineadhachuibh, agus ré puibleachaibh Israél, a naghaidh do Mhic náomtha Iósa, noch do óng tú,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir is dearbh gur chruinnigh le chéile san gcathair seo, Ioruath agus Point Píoláid, maille leis na Geintibh agus le treabhaibh Israel, i n‐aghaidh do Sheirbhísigh naomhtha Íosa,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar is scéal fíor é gur cruinníodh sa chathair seo in aghaidh do naomhsheirbhísigh Íosa, a bhí ungtha agat, Iorua maraon le Pointias Píoláid, agus na Gintlithe agus muintir Iosrael leo,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Píoláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duit-se é a ungadh,