Acts 4:30 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag sineadh do láimhe amach chum leighis; agus comharthadh agus miorbhuileadh do dhéanamh tré ainm do mhic náomtha fein Iósa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
dána, agus tú ag síneadh amach do láimhe ag leigheas; agus go ndéantar míorbhailtí agus iongantaisí tré ainm do Naomh Sheirbhísigh Íosa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus sín amach do lámh san am céanna ag leigheas, agus bíodh comharthaí agus iontais á n‑oibriú trí ainm do naomh-sheirbhísigh Íosa.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sín amach do dheaslámh chun leigheas agus míorúiltí agus éachtaí a dhéanamh in ainm do sheirbhísigh naofa, Íosa.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sín amach do dheaslámh chun leigheas agus míorúiltí agus éachtaí a dhéanamh in ainm do sheirbhísigh naofa, Íosa.”