Acts 4:31 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndéunamh úrnuighe dhóibh, do chríothnuighe a náit a rabhadar a bhfochair a chéile; agus do líonadh íad uile don Spiorad Náomh, agus do lábhradar bríathar Dé maille ré dánachd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do ghuidheadar, do chrioth an áit ’n‐a rabhadar cruinnighthe le chéile; agus do líonadh iad uile de’n Spiorad Naomh, agus do labhradar briathar Dé le dánacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ní luaithe an phaidir sin ráite acu ná baineadh crith as an talamh a raibh siad le chéile ina seasamh air, agus líonadh iad uile go léir leis an Spiorad Naomh agus labhair siad briathar Dé go dána neamh-eaglach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt teachtaireacht Dé go teann dána.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná a chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt theachtaireacht Dé go teann dána.