Acts 5:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar a núairsin féin do thuit sise agá chosaibh, agus do chúaigh a spiorad aisde: agus ar dteachd a steach do na hogánuibh, fúaradar marbh í, agus ar na breith leó, dadhluiceadar í a naice a fir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar an láthair do thuit sí ag a chosaibh; agus d’éag sí: agus tháinig na fir óga isteach agus fuair siad marbh í, agus do thógadar amach í, agus do chuireadar í i n‐aice a fir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ni luaithe sin ráite aige ná thit sí síos ag a chosa agus fuair sí bás. Nuair a tháinig na fir óga isteach fuair siad marbh í, agus dʼiompair siad amach í gur chuir san uaigh í le taobh a fir chéile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus thit sí marbh ar lár ag a chosa ar an toirt. Ar theacht isteach do na hógánaigh fuair siad marbh í agus d' ardaigh siad amach í gur adhlaic siad i taobh lena fear.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus thit sí marbh ar lár ag a chosa ar an toirt. Ar theacht isteach do na hógánaigh fuair siad marbh í agus dʼardaigh siad amach í gur adhlaic siad í taobh lena fear.