Acts 5:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do nithí mórán do chomharthadhaibh agus do mhíorbhailibh, tré lámhuibh na nabsdal a measg an phobail; agus do bhídis uile déantoil a bpóirse Sholaimh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí a lán míorbhal agus iongantas d’á ndéanamh tré lámhaibh na n‐abstal i measc an phobail; agus do bhídis uile d’aon toil i bpóirse Sholaimh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois is iomaí comhartha agus ionadh a bhíodh á ndéanamh i measc na ndaoine le lámha na n‑aspal. Agus thagaidís uile le chéile i gColúnáid Sholaimh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí mórán míorúiltí agus éachtaí á ndéanamh ag na haspail i measc an phobail. Chruinnídís de thoil a chéile i bPóirse Sholaimh
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí mórán míorúiltí agus éachtaí dá ndéanamh ag na haspail i measc an phobail. Chruinnídís de thoil a chéile i bPóirse Sholaimh