Acts 5:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ionnus go niomhchraidís amach fá na sráidibh na daoine éugcruáidhe, agus go gcuirdís ar peapachuibh íad, ionnus ag teachd do Pheadar go gcuirfeadh a sgáile amháin sgáile ar neach éigin díobh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ionnas go n‐iomchraidís na daoine breoite amach ar na sráidibh, agus chuiridís ar leabthachaibh agus ar thochtaibh iad, le súil, ag dul thart do Pheadar, go dtuitfeadh a scáil féin ar dhuine aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
sa chruth go mbídís go fiú ag iompar na ndaoine breoite amach faoi na sráideanna, agus á síneadh ansin ar leapacha agus ar shráideoga, mar dhúil is go dtiteadh scáil Pheadair ar chuid acu nuair a thiocfadh sé thart.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
sa tslí go mbíodh na hothair á dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus á síneadh ar réleapacha agus ar shráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ar dhuine éigin acu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
sa tslí go mbíodh na hothair dá dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus dá síneadh ar réleapacha agus ar shráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ar dhuine éigin acu.