Acts 5:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thígdís morán a gceann a chéile as na caithreachaibh timcheall go Hiárusalem, ag tabhairt dháoine éagcrúaidhe, agus búaidheartha ó spioradaibh neamhghlana ríu; noch do slánuighthi uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do thagadh sluagh as na cathrachaibh do bhí timcheall Iarúsalem, ag tabhairt na n‐othar, agus na ndaoine do bhí cráidhte ag spioraidibh neamh‐ghlana; agus do leigheastaidhe iad go léir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chruinnigh na daoine chucu freisin as na bailte móra timpeall Iarúsailéim, ag tabhairt leo na ndaoine a bhí breoite nó a raibh deamhain neamhghlana á gcrá, agus leigheasadh iad uile go léir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mórthimpeall Iarúsailéim, ag tabhairt othar leo agus daoine a bhíodh á gciapadh ag spioraid neamhghlana, agus leigheastaí gach duine acu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mór-thimpeall Iarúsailéim, ag tabhairt othar leo agus daoine a bhíodh dá gciapadh ag spioraid neamh-ghlana, agus leigheastaí gach duine acu.