Acts 5:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na chloinsin só dhóibhsean, do chúadar a steach don teampall go móch ar maidin, agus do theaguisgeadar. Achd ar dteachd don árdshagart, agus don druing do bhí na fhochair, do ghoireadar cómhairle, agus sinnsir chloinne Israél uile a gceann a chéile, agus do chuíreadar teachda ar a gceannsan chum an phríosúin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar n‐a chlos sin dóibh, do chuadar isteach san teampall le breacadh an lae, agus do bhíodar ag teagasc. Acht tháinig an t‐árd‐shagart agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair, agus do chruinnigheadar an árd‐chómhairle agus seanóirí clainne Israel, agus chuireadar teachtaí chum an phríosúin, go dtabharfaidhe cuca iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a chuala siad sin, chuaigh siad isteach sa teampall le breacadh an lae agus theagasc siad. Tháinig an t‑ardsagart agus a lucht leanúna ansin gur chruinnigh siad an chomhairle agus seanad uile Iosrael, agus gur chuir siad fios orthu chun an phríosúin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rinne siad rud air: chuaigh siad isteach sa Teampall le breacadh an lae agus chrom ar theagasc. Tháinig an t-ardsagart agus a bhuíon, thionóil siad an tsainidrín is é sin, seanad iomlán chlann Iosrael agus chuir siad scéala chun an phríosúin na haspail a thabhairt i láthair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rinne siad rud air: chuaigh siad isteach sa Teampall le breacadh an lae agus chrom ar theagasc. Tháinig an t-ard-sagart agus a bhuíon, thionóil siad an sainidrín–is é sin, seanad iomlán chlann Iosrael–agus chuir siad scéala chun an phríosúin na haspail a thabhairt i láthair.