Acts 5:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar dteachd do neach áirighe dinnis sé dhoibh, ag rádh, Féuch, na fir do chuireabhair a bpríosún atáid síad na seasamh sa teampall, agus ag teagusg an phobail.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig duine agus adubhairt sé, Féach, na fir do chuireabhar san bpríosún, atáid ’n‐a seasamh san teampall ag teagasc an phobail.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig duine chucu ansin leis an scéal a insint dóibh, “Tá siad ina seasamh sa teampall ag teagasc na ndaoine, na fir a chuir sibhse sa phríosún.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Leis sin tháinig duine ar an láthair le scéala: «Feach,» ar seisean, «na fir úd a chuir sibh i bpríosún, tá siad ina seasamh sa Teampall ag teagasc an phobail.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Leis sin tháinig duine ar an láthair le scéala: “Feach,” ar seisean, “na fir úd a chuir sibh i bpríosún, tá siad ina seasamh sa Teampall ag teagasc an phobail.”