Acts 5:40 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do áontuigheadar dho: agus ar ngairm na nabsdal dóibh, agus ar ngabháil ortha, tugadar fogra dhóibh gan labhairt a nainm Iósa, agus do léigeadar úatha íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’aontuigheadar leis: agus tar a éis dóibh na h‐abstail do ghlaodhach chuca, do bhuaileadar iad, agus d’órduigheadar dóibh gan labhairt i n‐ainm Íosa, agus do scaoileadar iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ghlac siad mar sin lena chomhairle, agus chuir siad fios ar na haspail, agus bhuail siad iad agus bhagair siad orthu gan labhairt in ainm Íosa, agus scaoil siad ansin iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
chuir siad fios ar na haspail agus tar éis dóibh iad a sciúrsáil agus foláireamh a thabhairt dóibh gan labhairt in ainm Íosa, scaoil siad chun siúil iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
chuir siad fios ar na haspail agus tar éis dóibh iad a sciúrsáil agus foláireamh a thabhairt dóibh gan labhairt in ainm Íosa, scaoil siad chun siúil iad.