Acts 5:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin a dubhairt Peadar ría, Créud fár chomháontuigh sibh cathughadh do chur ar Spioruid an Tighearna? féuch, atáid cosa na muinntire dadhluic thfear ag an doras, agus béuruid síad thúsa ríu.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin adubhairt Peadar léi, Caidé thug oraibh, beirt, fromhadh do thabhairt ar Spiorad an Tighearna? féach, atá cosa na ndaoine d’adhlaic t’fhear ag an doras, agus tógfaidh siad thusa amach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach dúirt Peadar léi, “Cad chuige a ndeachaigh sibh i gcomhar le chéile le cathú a chur ar Spiorad an Tiarna? Bʼshiúd cosa lucht adhlactha dʼfhir chéile ina seasamh sa doras, agus beidh siad do dʼiompar amach freisin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Cad a thug oraibh,» arsa Peadar léi, «socrú le chéile ar thriail a bhaint as Spiorad an Tiarna? Féach, sin iad ag an doras coiscéimeanna na ndaoine atá tar éis d' fhear a adhlacadh agus ardóidh siad thusa chomh maith.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Cad a thug oraibh,” arsa Peadar léi, “socrú le chéile ar thriail a bhaint as Spiorad an Tiarna? Féach, sin iad ag an doras cois-céimeanna na ndaoine atá tar éis dʼfhear a adhlacadh agus ardóidh siad thusa chomh maith.”