Acts 6:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An sin tugadar a steach dream airighe, noch a dubhairt, do chúalamar féin é ag labhairt bhríathra masluigheacha a naghaidh Mháoise, agus Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin thugadar isteach daoine áirithe, adubhairt, Do‐chualamar é ag labhairt go diamhasluightheach i n‐aghaidh Mhaoise agus i n‐aghaidh Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuaigh siad os íseal ansin a bhrostú daoine lena rá gur chuala siad é ag labhairt briathra blaisféimeacha in aghaidh Mhaois agus in éadan Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Faoi dheireadh chuir siad suas daoine áirithe chun a rá gur chuala siad é ag labhairt go maslaitheach faoi Mhaois agus faoi Dhia.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Faoi dheireadh chuir siad suas daoine áirithe chun a rá gur chuala siad é ag labhairt go maslach faoi Mhaois agus faoi Dhia.