Acts 6:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsín, a dheartbhraithreacha, féuchaidh amach bhur measg féin mórsheisear do dháoinibh deaghtheasda, lán don Spioruid Náomh agus deagna, noch do chuirfeam a dtimcheal na hóibreise.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin, a bhráithreacha, toghaidh ’n‐bhúr measc féin móirsheisear d’fhearaibh creideamhnacha atá lán de’n Spiorad, agus d’eagna, go gcuirfimíd i mbun n h‐oibre seo iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhri sin, a bhráithre, toghaigí amach asaibh féin seachtar fear a bhfuil clú maith orthu, agus iad lán den Spiorad Naomh agus den eagna go gcuirimid i gceannas an ghnó seo iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo.