Acts 6:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus dáontuigheadar an comhlúadar uile don rádh so: agus do thóghadar Steaphán, fear lán do chreideamh agus don Spíoruid Naomh, agus Philip, agus Procórus, agus Nícánor, agus Tímon, agus Parménas, agus Nicolás neach ó Aintióchia do cheanguil é féin don neagluis:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do thaithin an chómhairle sin leis an gcómh‐chruinniú: agus do thoghadar Stiofán, fear do bhí lán de chreideamh agus de’n Spiorad Naomh, agus Pilib, agus Próchorus, agus Nicanór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nioclás, prosélíteach ó Antuaigh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thaitin an chaint sin leis an slua uile, agus thogh siad Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, agus Pilib, agus Procoras, agus Nicánor, agus Tiomón, agus Parménas, agus Nicaláus, a bhí ina phroselíteach as Antíoc.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Prochonór, Níocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, léivíteach ó Aintíoch.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Procaras, Niocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, iompaitheach ó Aintíoch.