Acts 6:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus déirgheadar súas dream áirighe don tsinagóig, dar ab ainm Sionagóg na libertinigh, agus na Cirenianach, agus luchd Alecsandria, agus Cilícia agus na Hásia, ag diosbórachd lé Steaphán.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’éirigh aicme de lucht na sionagóige ar a dtugadh aicme na Libertíneach, agus na gCurénach, agus na nAlecsandrianach, agus daoine ó Chilicia agus ó’n Áise, agus do bhíodar ag caismirt le Stiofán.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼéirigh ansin dream as Sionagóg na Saoirseach (mar tugadh uirthi), agus cuid de mhuintir Chíréne agus Alecsandria, agus daoine as Cilicia agus as an Áise, agus bhí conspóid acu le Stiofán.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí daoine áirithe de chuid «Sionagóg na Saorfhear» mar a thugtaí uirthi daoine ó Chuiréiné agus ó Chathair Alastair, ón tSiléis agus ón Áise, agus thosaigh siad ag argóint le Stiofán
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí daoine áirithe de chuid ‘Sionagóg na Saorfhear’ mar a thugtaí uirthi–daoine ó Chíréiné agus ó Chathair Alastair, ón gCilic agus ón Áise, agus thosaigh siad ag argóint le Stiofán