Acts 7:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do réidhigh sé é ó nuile thrioblóid, agus tug sé grása agus eagna dhó a bhfíadhnuise Phárao rí na Héigipte; noch do rinne úachdarán de ar a Néigipt agus ar a thigh féin uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus bhí Dia leis, agus d’fhuascail sé é ó n‐a anró uile, agus thug sé fábhar agus eagna dhó i láthair Faraó rí na h‐Éigipte; go ndearna sé ceannphort de ar an Éigipt agus ar a rí‐theaghlach féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus shlánaigh sé é as a angair uile, agus bhronn sé gnaoi agus eagna air i láthair Pharaó, rí na hÉigipte, go dtí gur chuir sé i gceannas é os cionn na hÉigipte agus os cionn a rítheaghlaigh féin uile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus thug sé slán é ó gach gábhadh dá raibh i ndán dó, bhronn air grástúlacht agus eagna i bhfianaise Fhorainn, rí na hÉigipte, agus rinne ceannaire ar an Éigipt de agus ceann ar an teaghlach ríoga.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus thug sé slán é ó gach gábh dá raibh i ndán dó, bhronn air grástúlacht agus eagna i bhfianaise Fharó, rí na hÉigipte, agus rinne ceannaire ar an Éigipt de agus ceann ar an teaghlach ríoga.