Acts 7:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do hathruigheadh íad go Síchem, agus do chuireadh íad ann sa túama do cheannaidh Abraham ar a lúach airgid ó chloinn Emmor Athair Sícheim.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus tugadh go Suchem iad, agus do cuireadh iad san uaigh do cheannuigh Abracham ar airgead ó chlann‐mhac Emmór i Suchem.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus tugadh a gcoirpsean ar ais go Secem gur adhlacadh iad sa tuama a bhí ceannaithe ar shuim airgid ó chlann Hamór i Secem.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Aistríodh a gcoirp go Seicim, áfach, agus cuireadh iad sa tuama úd a bhí ceannaithe ann ag Abrahám ar shuim airgid ó chlann Eamór i Seicim.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Aistríodh a gcoirp go Seicim, áfach, agus cuireadh iad sa tuama úd a bhí ceannaithe ann ag Abrahám ar shuim airgid ó chlann Hamór i Seicim.