Acts 7:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbeith dhó ar na theilgean amach, do thóg inghean Pháraó ría é, agus do oil si é mar mhac dhi féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus nuair do caitheadh amach é, do thóg inghean Fharaó é, agus d’oil sí é mar mhac dí féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus nuair a caitheadh amach é, ghlac iníon Pharaó leis mar mhac uchta agus thug sí aire mháthar dó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach nuair a cuireadh amach é, thóg iníon Fhorainn é agus rinne sí é a oiliúint amhail is dá mba mhac léi féin é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach nuair a cuireadh amach é, thóg iníon Fharó é agus rinne sí é a oiliúint amhail is dá mba mhac léi féin é.