Acts 7:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do mhéas sé go dtuigfidís a dhearbhráithreacha go dtiubhradh Día fúasgladh tré na láimhsion dóibh: gidheadh níor thuid siadsan sin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do cheap sé gur thuig a bhráithreacha go raibh Dia g‐á bhfuascladh tré n‐a láimh‐sean; acht níor thuigeadar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Shil sé gur thuig a bhráithre go raibh Dia á bhfuascailt lena láimhsean, ach ní raibh an tuiscint sin acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mheas sé go dtuigfeadh a mhuintir gur á bhfuascailt a chuir Dia chucu é, ach níor thuig.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mheas sé go dtuigfeadh a mhuintir gur dá bhfuascailt a chuir Dia chucu é, ach níor thuig.