Acts 7:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an lá na dhíaigh sin ar mbeith dhóibh ag comhrac do thaisbéin sé é féin dóibh, agus do bhí sé déanamh síothchana eatorra, ag rádh, A dháoine, as dearbhraithreacha da chéile sibhj; créud fá ndéuntáoi éugcóir ar a chéile?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus, an lá ’n‐a dhiaidh sin tháinig sé ortha agus iad ag troid le chéile, agus b’áil leis síothcháin do dhéanamh eadortha, g‐á rádh, A fheara, is bráithreacha sibh; cad chuige dhaoibh bheith ag déanamh éagcóra ar a chéile?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus an lá ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin doíbh nuair a bhí siad in achrann agus thug sé iarraidh ar shíocháin a dhéanamh eatarthu, á rá, ‘A fheara, nach bráithre sibh, cad chuige a ndéanann sibh éagóir ar a chéile?’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Lá arna mhárach tháinig sé orthu agus iad ag bruíon le chéile agus nuair a d' fhéach sé le síocháin a dhéanamh eatarthu, á rá: 'A fheara, nach bráithre sibh? Cad uime a bhfuil sibh ag déanamh éagóra ar a chéile?'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Lá arna mhárach tháinig sé orthu agus iad ag bruíon le chéile agus nuair a dʼfhéach sé le síocháin a dhéanamh eatarthu, dá rá: ‘A fheara, nach bráithre sibh? Cad uime a bhfuil sibh ag déanamh éagóra ar a chéile?’