Acts 7:30 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar gcríochnughadh dhá fhichead bhlíadhan, do taibhreadh dhó a bhfásach shléibhe Sína aingeal an Tighearna a lasair theineadh a ndos.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí dhá fhichid bliadhan imthighthe, do taidhbhrigheadh aingeal dó i bhfásach sléibhe Sína, i lasair teineadh i dtor.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Ansin, nuair a chuaigh daichead bliain thart, nocht an t‑aingeal os a choinne i mbladhaire tine i measc toim i bhfásach Shliabh Shínáí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Daichead bliain ina dhiaidh sin thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó i lasair an toir i bhfásach Shliabh Shíonái.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Daichead bliain ina dhiaidh sin thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó i lasair an toir i bhfásach Shliabh Shíonáí.