Acts 7:34 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tug mé dom aire, go friochnamhach, ámhgar mó phóbail nóch atá sa Néigipt, agus do chúalaidh mé a nósnadhach, agus do thuirrling mé dá bhfúasgailt. Agus a nois tárrsa a leith, cuirfe me don Eigipt thú.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do chonnacas go soiléir amhgar mo phobail atá san Éigipt, agus d’airigheas a gcneadach, agus tháinig mé le tárrtháil do dhéanamh ortha: agus anois, tar, cuirfead chum na h‐Éigipte thú.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ná bíodh amhras ort nach bhfaca mé an ainíde atá á himirt ar mo mhuintirse san Éigipt agus nár chuala mé a n‑éamh, agus nach bhfuil mé i ndiaidh teacht anuas lena bhfuascailt. Agus tar anois go gcuire mé uaim chun na hÉigipte thú.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá drochíde mo phobail san Éigipt feicthe agam go dearfa tá a gcuid osna cloiste agam agus tháinig mé á bhfuascailt. Agus seo anois, táim chun tusa a chur mar theachtaire go dtí an Éigipt.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá droch-íde mo phobail san Éigipt feicthe agam go dearfa–tá a gcuid osna cloiste agam agus tháinig mé dá bhfuascailt. Agus seo anois, táim chun tusa a chur mar theachtaire go dtí an Éigipt.’