Acts 7:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Dimthigh sé ann sin as talamh na Gcaldéanach, agus do chomhnuigh sé a Gcárran: Agus as sin, tar éis bháis a athar, dárrthuigh sé é don talamhsa, ann a bhfuiltíse a nois bhur gcómhnuidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin d’fhág sé tír na gCaldaeach, agus do chómhnuigh sé i gCarrán, agus, nuair fuair a athair bás, d’aistrigh Dia é go dtí an tír seo ’n‐a bhfuil sibh‐se ’n‐bhúr gcómhnaidhe anois:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼimigh sé ansin as tír na gCaldéach, agus bhi cónaí air i Hárán. Agus nuair a fuair a athair bás, thug Dia air dul ar imirce chun na tíre seo a bhfuil sibh in bhur gcónaí inti;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Leis sin d' fhág sé Caildéa agus chuaigh chun cónaithe i gCáran. Agus tar éis bháis a athar, d' aistrigh Dia as sin é chun na tíre ina bhfuil sibhse in bhur gcónaí anois.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Leis sin dʼfhág sé Tír na gCaildéach agus chuaigh chun cónaithe i Hárán. Agus tar éis bhás a athar, dʼaistrigh Dia as sin é chun na tíre ina bhfuil sibh-se in bhur gcónaí anois.