Acts 7:42 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus dfill Día, agus tug sé íad do dhéanamh seirbhíse do shlúagh neimhe, do reir mar atá sgríobhtha a leabhar na bhfáigheadh, A thigh Israél, nar fhoraileabhair dhamhsa beathaidh mharbha agus iodhbartha ar féadh dhá fhichead blíadhan ar an bhfásach?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’iompuigh Dia, agus thug sé suas iad chum sluagh neimhe d’adhradh: mar atá scríobhtha i leabhar na bhfáidh, An beithidhigh marbha agus íodhbarta d’ofráileabhar dom Ar feadh dá fhichid bliadhan san bhfásach, a theaghlaigh Israel?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach thiontaigh Dia agus thug sé uaidh iad le hadhradh a thabhairt do shlua neimhe, mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe: ‘Nár ofráil sibh ainmhithe marbha agus íobairtí dom, ar feadh daichead bliain ar an bhfásach, a theaghlaigh Iosrael?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach d' iompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe: ' Ní domsa a thug sibh tíolacthaí agus íobairt ar feadh daichead bliain san fhásach, a theaghlach Iosrael;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dʼiompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna Neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe: ‘Ní dom-sa a thug sibh tíolacthaí agus íobairt ar feadh daichead bliain sa bhfhásach, a theaghlach Iosrael;