Acts 7:44 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhí tábernacel na fíadhnuise ag ar naithribhne ar an bhfásach, do réir mar daithin, an té labhair ré Máoisi, a dhéunamh do réir na heisiomplara do chunnairc sé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do bhí tabernacal na fiadhnaise ag ár sinnsearaibh san bhfásach, mar d’órduigh an té do labhair le Maois, go ndéanfadh sé é de réir na h‐eisiomplára do chonnaic sé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Bhí pailliún na fianaise ag ár n‑aithreacha ar an bhfásach, mar a dʼordaigh an té a labhair le Maois dó a dhéanamh, de réir an mhúnla a bhí feicthe aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Bhí both an fhoilsithe ag ár sinsir san fhásach. An té úd a bhíodh ag labhairt le Maois, d' ordaigh sé dó í a dhéanamh de réir an phatrúin a bhí feicthe aige.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Bhí both an fhoilsithe ag ár sinsir sa bhfhásach. An té úd a bhíodh ag labhairt le Maois, dʼordaigh sé dó í a dhéanamh de réir an phatrúin a bhí feicthe aige.