Acts 7:45 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch do ghlacadar ar naithrene agus tugadar leó maille ré Híosa go seilbh na Gcíneadhach, noch do theilg Día amach as amharc ar naithreach, go laéthibh Dháibhi:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thug ár sinnsir isteach i n‐éinfheacht le Iósua é ’n‐a dhiaidh sin, agus iad ag gabháil seilbhe ar thír na gcineadhach, do dhíbir Dia amach roimh aghaidh ár sinnsear, go dtí laethe Dháibhi:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thug an ghlúin dár n‑aithreacha a tháinig ina dhiaidh sin isteach é le hIósua nuair a bhain siad an tír de na ciníocha a ruaig Dia amach roimh ár n‑aithreacha. Mhair sé mar sin go dtí laethanta Dháibhí,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fuair an chéad ghlúin eile dár sinsir í mar oidhreacht agus thug siad féin agus Iósua isteach leo í i ndúiche na gciníocha a ruaig Dia amach rompu; agus d' fhan sí ann go dtí aimsir Dháiví.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fuair an chéad ghlúin eile dár sinsir í mar oidhreacht agus thug siad féin agus Iósua isteach leo í i ndúiche na gciníocha a ruaig Dia amach rompu; agus dʼfhan sí ann go dtí aimsir Dháiví.