Acts 7:58 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na theilgean amach as an gcathraigh dhóibh, do ghabhadar do chlochaibh air: agus do chuireadar na fiadhnuisighe a néuduighe síos ag cosaibh ógánaidh áirighe, dar bhainm Saul.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do ruaigeadar as an gcathair amach é, agus do ghabhadar de chlochaibh air: agus do leag na fiadhnaidhthe a mbrait ag cosaibh fir óig darbh ainm Saul.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chaith siad amach as an gcathair ansin é gur imir siad bás air le clocha; agus leag na finnéithe a mbaill éadaí uathu ag cosa ógfhir a raibh Sáúl mar ainm air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
thiomáin amach as an gcathair é agus thosaigh siad ar ghabháil de chlocha air. D' fhág na finnéithe a mbrait ag cosa ógfhir darbh ainm Sól.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
thiomáin amach as an gcathair é agus thosaigh siad ar ghabháil de chlocha air. Dʼfhág na finnéithe a mbrait ag cosa ógfhir darbh ainm Sól.