Acts 7:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tug sé dhó mar an gcéadna connradh an timchillghearradh: agus is mar sin do ghin Abraham Isaac, agus do thimchillghearr sé é an tochdmhádh lá; agus do ghein Isaac Iácob; agus Iácob an dá phátriárc dhéug.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thug sé dhó connradh an timcheall‐gearrtha: agus mar sin do ghein sé Íosóg, agus do thimcheall‐ghearr sé é an t‐ochtmhadh lá; agus do ghein Íosóg Iácób, agus do ghein Iácób an dá phaitriárcha déag.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thug sé dó cúnant an timpeallghearrtha. Mar sin ghin sé Íosóg agus thimpeall-ghearr sé é an t‑ochtú lá; agus ghin Íosóg Iácób, agus ghin Iácób an dáréag uasalaithreacha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Ansin rinne Dia conradh an timpeallghearrtha leis, agus mar sin nuair a rugadh Íosác, rinne Abrahám é a thimpeallghearradh ar an ochtú lá. Rinne Íosác an rud céanna le Iacób agus rinne Iacób é leis an dáréag uasalaithreacha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Ansin rinne Dia conradh an timpeallghearrtha leis, agus mar sin nuair a rugadh Íosác, rinne Abrahám é a thimpeallghearradh ar an ochtú lá. Rinne Íosác an rud céanna le hIacób agus rinne Iacób é leis an dáréag uasalaithreacha.