Acts 8:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chreid Síomón féin mar an gcéudna: agus ar na bhaisdeadh, do chómhnuigh sé a bhfochair Philib, Agus ar bhfaicsin dó na gcomharthadh agus na miorbhuileadh móra dhá ndéunamh, do ghabh úathbhás é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chreid Síomón féin: agus iar n‐a bhaisteadh, d’fhan sé i bhfochair Philib; agus nuair do chonnaic sé cómharthaí agus míorbhailtí móra d’a ndéanamh, bhí iongnadh mór air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus níl go fiú Síomón é féin nár chreid, agus i ndiaidh glacadh le baiste dʼfhan sé i gcuideachta Philib. Agus bhí iontas air faoi na mórchomharthaí agus na míorúiltí a chonaic sé á ndéanamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus Síomón féin chreid sé chomh maith le cách agus tar éis a bhaiste, chloígh sé go dlúth le Pilib agus thagadh alltacht air nuair a d' fheiceadh sé na míorúiltí agus na héachtaí móra a bhí a ndéanamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus Síomón féin chreid sé chomh maith le cách agus tar éis a bhaiste, chloígh sé go dlúth le Pilib agus thagadh alltacht air nuair a dʼfheiceadh sé na míorúiltí agus na héachtaí móra a bhí a ndéanamh.