Acts 8:32 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a sé so an mball don sgríobtúir do léigh sé, Mar cháoiridh do rugadh chum báis é; agus amhail uáin na thochd a bhfíadhnuise a nfir lomartha, is mar sin nár osgail sé a bhéul:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus is é seo an chuid de’n scrioptúir do bhí aige d’a léigheadh, Do treoruigheadh é amhail caora chum báis; Agus amhail uan n‐a thost i láthair a lomaire, Níor fhoscail sé a bhéal:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois ba iad seo briathra an tsleachta a bhí á léamh aige: “Mar chaora á tiomáint chun a maraithe, nó mar uan a bhíos balbh le fear a lomtha, is amhlaidh nach n‑osclaíonn sé a bhéal.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é seo an giota den scrioptúr a bhí a léamh aige: «Seoladh é amhail caora chun a choscartha, agus amhail uan a bheadh ina thost os comhair an lomadóra, níor oscail sé a bhéal.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é seo an giota den scrioptúr a bhí a léamh aige: “Seoladh é amhail caora chun a choscartha, agus amhail uan a bheadh ina thost os comhair an lomadóra, níor oscail sé a bhéal.