Acts 8:38 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Daithin sé an carbad ann sin do chongmháil na chomhnuighe: agús do chúadar aráon síos sa nuisge, Philib agus an cailltéanach a naóineachd; agus do bhaisd sé é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’órduigh sé an carbad do chur ’n‐a stad: agus do chuadar beirt, Pilib agus an coillteánach, síos isteach san uisce; agus do bhaist sé é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thug sé ordú uaidh go stadfadh an carbad, agus chuaigh an bheirt acu síos isteach san uisce, idir Philib agus an choillteán, agus bhaist sé é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' ordaigh sé an carráiste a stop, chuaigh siad beirt, Pilib agus an coillteán, síos isteach san uisce agus bhaist Pilib é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼordaigh sé an carráiste a stopadh, chuaigh siad beirt, Pilib agus an coillteán, síos isteach san uisce agus bhaist Pilib é.